Má tá tú ag iarraidh ordú a chur isteach ó thír eile, cuir rphost chugainn le do thoil ag siopa@cnag.ie. / If you are trying to place an order from abroad, please email us siopa@cnag.ie. Shipments to USA suspended. Folaigh
Tá Oisín ar a laethanta saoire ón scoil agus is breá leis dul amach ar fán sna sléibhte agus sna gleannta mórthimpeall. Tagann sé ar sheanmhapa a phriocann an fhiosracht ann. Ansin castar an duine mistéireach, Mánas Mór, air agus leagann seisean cúram tromchúiseach ar Oisín. Ina dhiaidh sin tá sé sáite in eachtraí scáfara agus é ar a dhícheall na Clocha agus an Chailís a aimsiú sula mbeidh sé ródhéanach… Scéal bleachtaireachta é seo a bhfuil an draíocht agus an osnádúrthacht ag rith tríd; scéal a bhfuil teannas agus líonrith ann go dtí an deireadh ar fad.