Skip to main content

Mo Bhealach Féin (leagan Gaeilge)

  • 0.2 KG:
  • An Gúm
  • Seosamh Mac Grianna
  • 1857912500
Praghas

€6.50


Níor mhaolaigh ar an tsuim a cuireadh sa leabhar seo ó céad-chuireadh i gcló é tríocha bliain ó shin. Is dócha gurb é ionracas intleachtúil an údair is cúis leis sin, agus an daonnacht neamh-bhalbh atá ina chuid scríbhenoireachta. Insíonn sé faoin bhfuath a bhí aige don Ghúm, faoina sheal mar ‘fáidh’, faoi na tithe lóistín ar éálaigh sé astu agus foain turas fada siúlóireachta a rinne sé tríd an mBreatain Bheag. Braitear gur fear é nach raibh meas aige ar choinbhinsean agus a raibh síorchoimhlint ar siúl idir a shamhlaíocht féin agus an gnáthshaol tur a raibh sé ceangailte leis. Thig leis, mar sin, a bheith filiúnta nó prósúil, mín nó garbh, leithscéalach nó dúshlánach gach re seal.

Is dócha gurb é Seosamh Mac Grianna an eiseamláir is fearr ar an stíl phraicticiúil próis a chleacht na hUltaigh.