Mo Chroí Gránúill – dánta grá agus áir
- .3 KG:
- Éabhlóid
- Mohsen Hosseinkhani, Róise Ní Bhaoill (aistr.)
- 9781914482311
Praghas
€15.00
Saolaíodh an file Mohsen Hosseinkhani le linn an chogaidh idir an Iaráin agus an Iaráic. Is léiriú a chuid filíochta ar an tréimhse chinniúnach sin agus ar an tsaol a tháinig as. Tugann sé guth don chaillteanas, d’uaigneas agus d’uamhan an áir. Is i dteacht aniar na daoine agus ón ghrá féin a fhaigheann Hosseinkhani faoiseamh. Tá lorg oidhreacht ársa fhilíocht na Fairsise ar a chuid dánta grá, dánta lonracha a léiríonn slánú agus cumhacht uilíoch an ghrá. Is é seo turas fir amháin a chuireann a chroí inár lámha, an gortú agus an cneasú, an scrios agus an slánú. Labhraíonn sé le cách.
Tá Fairsis agus Gaeilge aghaidh ar aghaidh sa leabhar seo.
Arna aistriú go Gaeilge ag Róise Ní Bhaoill.




