Skip to main content

Murdar ar an Lochán Beag – Eachtra i gCogadh na Saoirse

  • .6 KG:
  • Cló Iar-Chonnacht
  • Peadar G. Ó Máille
Praghas

15.00


Oíche an 2ú Feabhra 1920, achar siar ó theach ósta Tigh Mholly ar an Lochán Beag i gCois Fharraige i gCo. na Gaillimhe, d’eirigh idir beirt deartháir agus buíon Óglach. Tamall ina dhiaidh sin, bhí an bheirt buailte, agus duine acu caite. An té a caitheadh, Patrick Thornton, b’iarshaighdiúir é sna Connaught Rangers in Arm Shasana. Thug seisean roinnt ainmneachaí do lucht an RIC an lá arna mhárach, agus tógadh ceathrar dhá bharr. Chuaigh an gortú in ainseal agus bhásaigh Thornton cupla lá ina dhiadh sin. Cuireadh an ceathrar ar a dtriail, frítheadh ciontach iad as Thornton a ionsaí, agus chuaigh príosún orthu.