Skip to main content

Na Draoithe – 1 – Na hÍobairtí Oghaim

  • 0.5 KG:
Praghas

15.95


Les Druides: Le Mystère des Oghams. Eoin P. Ó Murchú a d’aistrigh. Cérinneachán é seo, an chéad imleabhar i scéinséir ghotach trí
chuid atá lonnaithe i Ré na Naomh. Tá sé ina chíor thuathail ar
imeall Ceilteach na hEorpa sa 5ú haois; aois lán athruithe ag
deireadh ré na hImpireachta Rómhánaí, agus coimhlint ar bun
idir cultúir agus creidimh. Tá an Eaglais Chríostaí Cheilteach nua
faoi bhláth in Armarc na Briotáine, a cuid manach ag seasamh
in éadan an Phápa fad atá creideamh na bpágánach ag dul
ar gcúl. Ach níl deireadh fós le traidisiúin ársa na gCeilteach.
Tá Fionnalán, duine de na Draoithe deireanacha, sáite i gcath
rúndiamhrach in éadan manaigh naimhdeacha a chuireann
constaicí go leor roimhe. Tá líomhaintí faoi bharbarthacht,
íobairtí daonna agus asarlaíocht le clos go rábach, ach seasann
na seandéithe fós leo sin a chreideann iontu.