Na Fíníní
- 0.05 KG:
€7.50
Féadfar bunús na bhFinini a rianú siar go Wolfe Tone agus Eireannaigh Aontaithe na 1790idí agus Éireannaigh Óga na 1840idí. Ba é Bráithreachas Phoblacht na hÉireann teideal oifigiúil na heagraíochta a bunaíodh in 1858 agus ‘Finini a baisteadh ar a comhaltaí. Tagann an téarma ó ainm a chomhchumainn i Meiriceá, an Bráithreachas Finíneach. Seoladh ré nua i bpolaitíocht na hÉireann mar thoradh ar leathadh an dá eagraíochta agus ba mhór an tionchar a bhí aige ar shaol na polaitíochta ina dhiaidh sin.
Ní in Éirinn amháin a bhí na Fíníní gníomhach. Rinne siad ruathair ar Cheanada ó na Stáit Aontaithe agus bhunaigh grúpa stocaireachta acu a raibh tionchar aige ar chúrsaípolaitíochta Mheiriceá. Thaobhaigh siad le gluaiseacht na gceardchumann a bhí ag teacht chun cinn sa Bhreatain agus chuaigh i bhfeidhm ar radacaigh agus ar leasaitheoirí na linne sin. Sa bhaile ba chumann réabhlóideach, gluaiseacht pholaitiúil agus brú-ghrúpa míleata i dtaobh cúrsaí sóisialta agus eacnamúla a bhí sna Fíníni, agus ghlac siad páirt thábhachtach sa chorraíl faoi chearta talún, i gcúrsaí spóirt agus in athbheochan na Gaeilge.
Spléachadh ar cheann de na tréimhsí ba spéisiúla i stair na hÉireann is ea a thugann Michael Kenny dúinn sa leabhar seo, Na Fíníní. Tá an téacs idir shoiléir agus ghonta agus tá neart déantán agus mireanna cuimhneacháin ó Ard-Mhúsaem na hÉireann á mhaisiú. Ina measc siúd tá bratacha, doiciméid agus cartúin pholaitiúla, mar aon le grianghraif de na daoine ba mhó spéise a mhúnlaigh gluaiseacht na bhFinini.
Tá Michael Kenny ag obair i Rannán Ealaine agus Tionsclaíoch an Ard-Mhúsaeim ó 1975. Is iad moneolaíocht agus stair na hÉireann is spéis leis go príomha.




