Skip to main content

Nain – Sláine Ní Chathalláin

Bailiúchán seanchais, stair áitiúil, scéalta seoigh agus nathanna cainte atá sa leabhar Nain, a bhailigh an craoltóir aitheanta le Raidió na Gaeltachta, Sláine Ní Chathalláin, óna seanmháthair Máirín Uí Chathalláin. Luaite ar Nationwide 11 Márta 2024.

  • .5 KG:
  • Oidhreacht Chorca Dhuibhne
  • Sláine Ní Chathalláin, Máirín Uí Chathalláin
Praghas

18.00


Bailiúchán seanchais, stair áitiúil, scéalta seoigh agus nathanna cainte atá sa leabhar Nain, a bhailigh an craoltóir aitheanta le Raidió na Gaeltachta, Sláine Ní Chathalláin, óna seanmháthair Máirín Uí Chathalláin.

Agus í faoi agallamh ag Tuairisc.ie dúirt Sláine Ní Chathalláin, ar amhránaí aitheanta ar an sean-nós í chomh maith, gur bhraith sí “dualgas” nathanna agus seanchas a mamó a chaomhnú.

“Gach aon lá bím ag foghlaim focal nua nó nathanna cainte ó Nain agus bhraitheas go raibh dualgas orm iad san a chaomhnú nó bheadh dearmad déanta agam orthu mura mbeidís scríofa síos agam.”

“Thosnaíos ag tógáil físeán di agus á gcur ar na meáin shóisialta agus bhí an-éileamh orthu agus mar sin bhraitheas saghas dualgas iad a bhailiú le chéile i gcnuasach éigin chun go mbeidís ann go deo,” a dúirt sí.

Nationwide – 11 Márta 2024.