Ó Chófraí Chuallacht Cholm Cille
- 0.5 KG:
- An Sagart
- Tracey Ní Mhaonaigh
€20.00
Is é Colm Cille pátrún Chuallacht Cholm Cille, cumann na mac léinn Gaeilge a bunaíodh i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad, sa bhliain 1898 agus ainmníodh an tsraith léachtaí a bhunaigh an Chuallacht ag tús na seachtóidí, Léachtaí Cholm Cille, as an naomh céanna. Chuir bunaitheoirí na Cuallachta rompu sampla a naomhphátrúin a leanúint agus an creideamh dúchasach agus an cultúr dúchasach á gcothú agus á gcur chun cinn acu.
1500 bliain indiaidh bhreith Cholm Cille, tá an cnuasach speisialta seo á chur amach mar chomóradh agus mar cheiliúradh ar an oidhreacht bheo shaibhir seo a d’fhág Colm Cille againn, agus atá de dhlúth agus d’inneach ár gcultúir dhúchais riamh ó shin, agus í ina hacmhainn chun téagair agus muiníne do bhaill Chuallacht Cholm Cille agus do dhaltaí Choláistí Mhá Nuad i gcoitinne le breis agus sé scór bliain anuas.






