Is bleachtairí príobháideacha iad Ó Loinsigh agus Mason, iad lonnaithe i mBaile Áthat Cliath ach cásanna á nglacadh acu ar fud na tíre.
Is iar-Gharda é Ó Loinsigh, atá ag teacht i ngiorracht don phinsean, agus is nia Meiriceánach leis a chomhghleacaí óg, Mason.
Is minic iad in adharca a chéíle faoi modus operandi an fhir óig, ach caithfear a admháil go dtugann sé an bád i dtír, fiú is go mbíonn sé ar imeall an dlí ó thráth go chéile…