Skip to main content

Ó Pheann an Phiarsaigh

  • 0.3 KG:
  • Cló Iar-Chonnacht
  • Pádraic Mac Piarais
Praghas

10.00


Eagrán nua de shaothar cáiliúil a bhí i mórán gach mála scoile i gConamara agus in Éirinn fré chéile lá den tsaol. Chomh maith le roinnt scríbhinní leis an bPiarsach ó An Claidheamh Soluis, tá na gearrscéalta is mó a bhfuil aithne agus gean ag muintir na hÉireann orthu: ‘Bríd na nAmhrán’, ‘Íosagán’ agus, ar ndóigh, ‘Eoghainín na nÉan’, a bhainfeadh deoir as cloch ghlas.

I mBaile Átha Cliath a rugadh Pádraic Mac Piarais in 1879. Thosaigh sé ag cur suime sa Ghaeilge óna óige agus ghlac páirt ghníomhach i gConradh na Gaeilge ó 1896 i leith. Ceapadh ina eagarthóir ar An Claidheamh Soluis é i 1903 agus thosaigh sé ag tabhairt faoin litríocht chruthaitheach ó 1905 ar aghaidh: aistí, drámaí, gearrscéalta, filíocht.

Bhí thar a bheith míshásta le cúrsaí oideachais in Éirinn agus chuige seo bhunaigh sé Scoil Éanna i 1908; ainneoin deacrachtaí airgid, d’éirigh leis an scoil.

Bhí sé in Óglaigh na hÉireann ó bunaíodh iad i 1913 agus tugadh isteach san IRB é an bhliain chéanna. Nuair a tharla an t-éirí amach faoi Cháisc na bliana 1916 ba é a cuireadh i gceannas. Cuireadh Pádraic Mac Piarais chun báis ar 3 Bealtaine, 1916.

 

Clár:

  • Lá faoin Tuaith

Peadar Fada

Áilleacht Chonamara

Baile na Lachan

An Dreoilín Beag Fir

Giorraíonn Beirt Bóthar

Teach Bán na Féile

Máire Óg is Pádraic Bán

Líon Tí Suairc Sásta

Oíche Shuairc Cois Tine

  • Bríd na n-Amhrán
  • Eoghainín na n-Éan
  • Na Bóithre
  • An Gadaí
  • Íosagán
  • Os Cionn na Farraige
  • An Éanlaith