Skip to main content

Ó Rinn go Sáil

  • 0.3 KG:
Praghas

€7.50


Scríbhneoir agus feirmeoir is ea Diarmuid Ó Gráinne, é ag gabháil don dá cheird i gContae Ros Comáin. Nochtann an dialann seo a chtund oibre agus a chuid smaointe araon dúinn.

Trachtann an dialann ar an drochaimsir ba mheasa a bhuail an tir le leathchéad bliain, agus an cruachás a bhí roimh dhaoine agus ainmhithe dá toradh. Pléitear fadhbanna na feirmeoireachta agus talmhaí beag ag saothrú leis ainneoin na n-ainneoin. Castar orainn comharsana an údair, idir shuáilceach agus dhuáilceach. Scrudaíonn sé na difríochtaí idir a cheantar nua agus a áit dhúchais i gConamara.

Tugtar léargas faoi leith anseo ar intinn scríbhneora. Feicimid cé na húdair agus na saothair a théann i bhfeidhm air. Ní leasc leis moladh ná cáineadh a dhéanamh ar lucht pinn na Gaeilge agus an tsaoil mhóir. Aigne shantach fhiosrach a léirítear sa dialann.

Saol aonarach atá á chaitheamh sna leathanaigh seo ag scríbhneoir Gaeilge i mbun feirmeoireachta ar an iargúil. Tá ionracas géar gonta le fáil sna léargais a roinneann sé linn faoina bheatha. Bíonn sé á chiapadh ag a chuid deamhan féin, ach is iad na deamhain chéanna a thiomáineann chun scríofa é.

Rugadh Diarmuid Ó Gráinne in Aill an Phréacháin i gConamara i 1950. Scríbhneoir fíorbhisiúil é a bhfuil úrscéalta, gearrscéalta, filíocht, leabhair staire, fealsúnachta, critice agus eile scríofa aige.