Skip to main content

Oiread Áiméan

Praghas

€8.00


Joe Steve Ó Neachtain. Foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht, 2022.

Is ait é cumhacht na scéalaíochta.  Sásaíonn sé óg agus sean fré chéile.  Bhí cleachtadh mhaith ag na glúnta a chuaigh romhainn ar an scéalaíocht agus ar an seanchas.  Is iomaí scéal a chuala Joe Steve O Neachtain sna tithe cuartaíochta ar an gCrí Dhubh sa Spidéal ó mhuintir an bhaile agus ó mhuintir na mbailte ba chóngaraí dhóibh.  Agus, ar ndóigh, ní shásódh tada é ach go mbainfeadh sé fhéin triail as.  Seo glaicín beag scéalta uaidh, idir sheanscéalta a ndearna sé a chuid féin díobh agus scéalta a chum sé as an nua – oiread áiméan de thobar saibhir na scéalaíochta.
Clár:
  • An Táilliúirín Glic
  • Trí Ribe as Giall an Diabhail
  • Giolla na Leisce
  • Úllaí na Nuns
  • Spailpínteacht