Ón Chreagán go Ceann Dubhrán – Aistí le Tomás Ó Fiaich
- 0.5 KG:
Praghas
€20.00
Alt sholéite bríomhara atá sa leabhar seo ar ghnéithe áirithe de shaíocht na nGael. Réim leathan ábhair atá á caibidil ann ó fhilíocht Oirialla san 18ú haois go scríbhinní Mháire i dtosach an chéid seo, ó amhráin naisiúnta agus oráisteacha an Bhéarla go hamhráin ghrá na Gaeilge, ó Phádraig Ó Donnghaile, ‘Bard Ard Mhacha’, agus easpag ar a sheachnadh aimsir na géarleanúna in Éirinn, go Pól Ó hUiginn, seanmóirí agus oide Gaeilge i gcoláiste na Tríonóide. Scríobhann Tomás Ó Fiaich sa Ghaeilge shimplí nádúrtha sin a d’fhoghlaim sé chomh cúramach sin i Rann na Feirste ina óige agus a chothaigh sé i gcaitheamh a shaoil.
Is léachtóir le Gaeilge Diarmaid Ó Doibhlin in Ollscoil Uladh i gCúil Raithin.
Clár:
- Filíocht Uladh mar fhoinse don stair shóisialta
- Brian Kiernan’s Lease
- Pól Ó hUiginn
- Na hAmhráin Ghrá
- Na Bailéid Bhéarla
- Dán ar Phádraig Ó Donnghaile
- Dán ar Phádraig Mac Síomóin
- Pádraig Cardinéal Ó Dónaill
- Scríbhinní Mháire mar fhoinse don stair shóisialta
- Richard Weston agus ‘Beir mo Bheannacht go Dundalk’




