Skip to main content

Páirc an Chrócaigh – 21 Samhain 1920 – Domhnach na Fola i mBaile Átha Cliath (Úrscéal grafach)

  • 0.5 KG:
Praghas

15.95


Ar an 21 Samhain 1920, bhí cluiche mór dúshláin idir Tiobraid Árann
agus Baile Átha Cliath le himirt i bPáirc an Chrócaigh, ceanncheathrú
na peile Gaelaí. Ar maidin an lae sin rinneadh sléacht ar ‘Bhuíon
Cairo’ — grúpa oifigigh rúnda de chuid na Breataine a raibh sé
d’aidhm acu gluaiseacht na saoirse in Éirinn a chloí. Ba iad ‘an
Dáréag Aspal’ a mharaigh iad, brainse d’Óglaigh na hÉireann a bhí
á stiúradh ag Micheál Ó Coileáin. Bhí na Dúchrónaigh cinnte de go
mbeadh na hAspail i measc an tslua i bPáirc an Chrócaigh. Rinne
baill den fhórsa póilíneachta mhíchlúiteach sin a mbealach go dtí an
pháirc agus chrom láithreach ar dhaoine den lucht féachana agus
den dá fhoireann a scaoileadh. ‘Domhach na Fola’ a thugtar ar an lá
uafásach sin.
In 2007, b’éigean na cluichí baile a bhí le himirt ag Éirinn i
gcomórtas rugbaí na Sé Náisiún a athlonnú. Den chéad uair riamh,
mar sin, bhí rugbaí le himirt i bPáirc an Chrócaigh, cluiche i gcoinne
Shasana san áireamh. Ach bhí alltacht ar an-chuid daoine agus iad
ag smaoineamh ar God Save the Queen a bheith á gcanadh i bPáirc
an Chrócaigh. Músclaíodh cuimhní pianmhara ar Dhomhnach na
Fola 1920.
Is anseo, i bPáirc an Chrócaigh, a chaithfear créachtaí na staire
a leigheas agus athmhuintearas a dhéanamh idir an dá náisiún trí
mheán an spóirt.
Antain Mac Lochlainn a d’aistrigh.