Skip to main content
Lascaine!

Pobal na Gaeilge – Daonra, Institiúidí, Stádas, agus Cumhacht

  • Cló na nGael
  • Pádraig B. Ó Laighin
Praghas

20.00


Cuirtear athrú paraidíme i láthair sa leabhar seo maidir le tuiscintí ar phobal na Gaeilge agus ar ról theanga an phobail sin i sochaí na hÉireann. Déantar anailís leathan ann ar cheisteanna daonra, institiúidí, agus stádais, i gcomhthéacs léirmheas grinn ar bheartais oifigiúla – bídís follasach nó folaithe – lena ndáiltear cumhacht agus cead riartha, agus lena gcothaítear patrúin cheannais agus imeallaithe. Dírítear aird ar leith ar eisiamh na Gaeilge as fearas riaracháin an Stáit, agus ar an tslí a n-úsáidtear an córas dlí mar uirlis sa phróiseas sin. Déantar scagadh ar cheisteanna a bhaineann le neamh-chomhlíonadh dualgas reachtúil, agus conas an chuntasacht a chinntiú, agus cíortar go mion tionscnaimh reachtacha agus gealltanais sa Phoblacht agus i dTuaisceart Éireann araon. Pléitear cur i bhfeidhm na pleanála teanga sa Ghaeltacht, agus cur chuige an Stáit ina leith. Déantar neart phobal na Gaeilge thar thoisí éagsúla stádais a chur in iúl agus a cheiliúradh. Ach aithnítear, freisin, go bhfuil luach na Gaeilge mar theanga a thacaíonn le dul chun cinn pearsanta sa saol – is é sin, a stádas soch-eacnamaíoch, atá láranach dá húsáid ó lá go lá agus dá seachadadh ó ghlúin go glúin – i mbaol.

Cuirtear moltaí suimiúla reachtaíochta i láthair sa leabhar chun an Ghaeilge a institiúidiú mar theanga oifigiúil agus oibre, de facto, san fhearann poiblí, chun a luach mar chaipiteal cultúrtha a chur chun cinn i ngaol comhlántach leis an mBéarla, chun tacú lena seachadadh leanúnach ó ghlúin go glúin, agus chun a húsáid a normalú sa saol laethúil.

Is sa tsocheolaíocht atá an leabhar Pobal na Gaeilge fréamhaithe, ach tá sé idir-dhisciplíneach ina raon léinn, agus áirítear ann léirmhínithe atá bunaithe ar thaighde oideachais, síceolaíochta, agus sochtheangeolaíochta, chomh maith leis an dlí-eolaíocht agus teoiric na polaitíochta. Le stíl bhreá scríbhneoireachta, tugtar cuireadh don léitheoir ginearálta agus don speisialtóir araon breathnú as an nua, faoi threoir an údair, ar phobal na Gaeilge.

 

Leabhar suntasach le Pádraig B. Ó Laighin

Arna fhoilsiú ag Cló na nGael, 2022. xvi + 312 leathanach. Innéacs.

Clúdach crua agus clúdach bog ar fáil.
ISBN 978-1-8383544-0-4 (clúdach bog, €20)
ISBN 978-1-8383544-1-1 (clúdach crua, €30)

 

Clár

1 Réamhrá agus léargas ginearálta

  • Na tosca a théann i bhfeidhm ar bheocht teanga
  • Saincheisteanna a bhaineann le daonra
  • Ceantair Ghaeltachta agus pleanáil teanga
  • Eisiamh na Gaeilge ó chóras oibre an Stáit
  • Tacaíochtaí agus srianta institúideacha Stádas sochstairiúil, socheacnamaíoch, agus dlíthiúil
  • Tograí reachtaíochta sa Phoblacht agus i dTuaisceart Éireann
  • Comhlíonadh, neamh-chomhlíonadh, agus cuntasacht
  • Paraidím nua

2 Neart na líonmhaireachta: paraiméadair phoal labhartha na Gaeilge

  • Líon na gcainteoirí Gaeilge in Éirinn agus thar lear
  • Dáileadh na gcainteoirí Gaeilge de réir aoise
  • An dá phríomhphobal teamga in Éirinn

3 Staitisticí úsáide teanga agus imeallú phobal na Gaeilge

  • Tabhairt isteach na ceiste daoi mhinicíocht úsáide
  • Idirdhealú ar bhonn úsáid oideachasúil
  • Ón Stáit a tháinig an bhéim ar thomhas na húsáide laethúla
  • Ceisteanna a mholtar don Daonáireamh
  • Suirbhé Píolótach Daonáirimh 2018
  • Cinntí a d’eascair ó Shuirbhé Píolótach Daonáirimh 2018

4 An Ghaeltach:daonra, dáileadh, agus amailís chohóirt

  • Aitheantas oifigiúil do cheantair Ghaeltachta
  • Líon agus dáileadh na gcainteoirí Gaeilge
  • Minicíocht úsáide
  • Staidéar cohóirt, agus a impleachtaí d’fh