Pobal na Gaeltachta – A scéal agus a dhán
- 0.8 KG:
- Cló Iar-Chonnacht
- Ilúdar
- 902420241
€25.00
An chuid is suimiúla de scéal agus de stair gach paróiste Gaeltachta sa tír á insint ag muintir na bpobal sin, ina measc Nollaig Ó Gadhra, Pádraig Ó Tuairisg, Máire Uí Ráinne agus Nollaig Ó Muraíle (Cúige Chonnacht); Breandán Feiritéar, Pádraig Ó Fiannachta, Eibhlín de Paor agus Donnchadh Ó Luasaigh ( Cúige Mumhan); Dónall P. Ó Baoill, Noel Ó Gallchóir, Breandán Mac Suibhne agus Pádraig Mac Gairbheith (Cúige Uladh).
Leabhar crua.
Is í an Ghaeilge an ghné is sainiúla den feiniúlacht Éireannach. Is inti agus tríthi atá teacht againn ar go leor dár shamhlaigh agus dár scríobh ár sinsir ar an bhfód seo leis na céadta bliain.
Is é pobal na Gaeltachta bunphobal na teanga sin. Tá an bunphobal sin faoi bhrú, ar bhealaí éagsúla, le fada an lá. Ach is ann dó i gcónaí agus muid imithe thar thairseach na mílaoise nua. Is mithid, mar sin, scéal an phobail sin a insint – agus a ghaisce a cheilliúradh. Is mithid chomh maith, a bhfuil i ndán dó a mheas go fírinneach. Sin is cuspóir do na haistí sa leabhar seo, aistí atá bunaithe ar shraith léachtaí a craoladh ar Raidió na Gaeltachta ag tús na bliana 2000. Is lón léithoireachta é ina bhfuil idir ábhar maite agus ábhar machnaimh.




