Póg mo Thóin agus scéalta eile – Cnuasach gearrscéalta
- .42 KG:
- Cló Iar-Chonnacht
- Pádraic Breathnach
Praghas
€15.00
An caidreamh a dhéanann daoine le daoine eile is cás le Pádraic Breathnach sa saothar seo – an chéad chnuasach nua gearrscéalta dá chuid le beagnach fiche bliain.
Caidreamh ina thús nó ina dheireadh, caidreamh á chothú agus caidreamh á scrios, caidreamh folláin agus caidreamh míshláintiúil.
Seo díolaim scéalta a bhfuil casadh chun an dorchadais le sonrú go láidir iontu: fir dhrúisiúla, mná míshásta, tuismitheoirí atá imníoch agus páistí atá míbhuíoch, daoine atá ag iarraidh an dubh a chur ina gheal ar dhaoine eile, agus gan a fhios acu go bhfuil an chluain á cur orthu féin.
Leabhar é ar furasta gruaim a shamhlú leis ach a bhfuil an solas ina orlaí tríd.
Clár:
- Póg mo Thóin
- Céirse
- Cora an tSaoil
- Idir Trí Cheann na Meá
- A Chonách Sin Air
- Corrabhuais
- Sceitheadh Rún
- An Solas sa Seomra
- Cé Mé?
- Trasna na dTonnta
- Ar Bruith
- Bánú Oileáin
- Géarchás
- Spídiúlacht
- Imirce
- An Víreas Bradach
- I mo Bhambairne




