Skip to main content

Prós Paiteanta – Aistí in ómós do Phádraic Breathnach

  • 0.45 KG:
  • Coiscéim
  • Laoise Ní Cheallaigh, Róise Nic Dhonncha, Breandán Ó Cróinín
Praghas

10.00


Scríbhneoir a bhfuil a ainm in airde le fada as feabhas a shaothair próis is ea Pádraic Breathnach. Ba i 1974 a d’fhoilsigh sé a chéad chnuasach gearrscéalta, Bean Aonair agus Scéalta Eile, agus tá sé ag scríobh agus ag foilsiú ar bhonn leanúnach ó shin. Naoi genuasach gearrscéalta agus ceithre úrscéal atá tagtha óna pheann go nuige seo. Scagadh ar sciar den chorpas sin is ea an cnuasach aisti seo.

I measc na n-ábhar a dtarraingitear aird orthu sa bhailiúchán seo, tá tionchar an dúchais agus na timpeallachta cultúrtha ar an mBreathnach féin chomh maith lena chuid carachtar. Ciortar in aistí eile mar a shaothraíonn an Breathnach coincheapa uilíocha an nuaphróis – an coimhthíos, an choimhlint agus an chumarsáid ina measc. Más é an gearrscéal an seánra is túisce a luaitear le Pádraic Breathnach, tugtar suntas sa chnuasach seo freisin d’éabhlóid an Bhreathnaigh mar scríbhneoir i bhfianaise an cíoradh a dhéantar ar a chuid úrscéalta agus ar a shaothar aistriúcháin. Gaillimheach ó dhúchas is ea Pádraic Breathnach atá ag cur faoi i Luimneach le fada. Is é seo an chéad chnuasach d’aistí critice ar a shaothar.