Ré Nua os Comhair na nGael? Conspóidí Chonradh na Gaeilge 1932–1939
- 0.5 KG:
€7.50
Blianta fiorchorracha a bhí sna 1930idí, in Éirinn agus sa saol mór. Nuair a tháinig Fianna Fáil i geumhacht ó dheas i 1932, bhí súil ag lucht Chonradh na Gaeilge le feabhas. “Más fíor a chloisimíd agus má deintear ar tugadh de gheallúintí a chomhlíonadh”, a scríobh duine acu ar theacht isteach d’Fhianna Fáil, “tá rẻ nua ós comhair na nGael-ré ina mbeidh ceart is cothrom le fáil acu arís.” Ach le fírinne, tréimhse dheacair eile a bhí i ndán dóibh: go leor de na fadhbanna céanna rompu, agus fadhbanna eile lena gcois. Cén gnó a bhí ag an gConradh sa saol nua? An raibh gnó ar bith fágtha aige? Arbh acmhainn dó an aisling a spreag é le dhá scór bliain anall a chur i bhfeidhm ar Éirinn na 1930idí?
Breithníonn an saothar seo na conspóidí a bhain do Chonradh na Gaeilge idir 1932 agus 1939 i bhfianaise imeachtaí is ráite na gConraitheoirí féin. Tá na dúshláin a bhain lena gcuid oibre sách mór iontu féin, agus is fíorbheagán tráchta atá déanta orthu ar chor ar bith go dtí seo. Ba chóir freisin go gcaithfidh siad solas ar dhúshláin den sórt céanna atá le sárú ag lucht na Gaeilge ó shin i leith.
Tá Aindrias Ó Cathasaigh ar dhuine de na staraithe is géarchúisí bisiúla dá bhfuil ag scríobh i nGaeilge faoi láthair. Tá léirithe aige ina chuid leabhar ar Mháirtín Ó Cadhain, ar Phádraic Ó Conaire, ar An Branar, go bhfuil ar a chumas teacht ar an bhfírinne shearbh a bhíonn ceilte faoi screamh an mhiotais go minic. Tá leabhair ar Shéamas Ó Conghaile agus Karl Marx scríofa aige freisin, agus chaith sé tréimhse ghearr chonspóideach ina eagarthóir ar Comhar nó gurbh éigean dó imeacht de bharr conspóide faoin gcinsireacht, Agus níl aon chosúlacht ann go lagóidh a pheann go luath.




