Skip to main content

Réabhlóid na Rúise – Leabhar 1

  • .4 KG:
  • Coiscéim
  • Aindrias Ó Cathasaigh
Praghas

12.00


Sa bhliain 1917 d’éirigh cosmhuintir na Rúise amach. Bréan a bhí siad den chogadh gan chríoch, den anró gan leigheas, den leatrom gan trócaire a imríodh orthu le fada. Chuir siad seantíoránacht chrua de dhroim seoil.

Ach níorbh é sin deireadh an scéal, na baol air. Ba léir roimh i bhfad nach raibh an rialtas nua in ann fadhbanna na muintire a réiteach ach oiread. Chuir siad chun réabhlóide arís, agus thug a gcuid sóivéidí faoi shaol nua saor a chur ar bun. Níorbh aon dóithín é, áfach, agus naimhde amuigh is istigh ag bagairt orthu i gcónaí.

Seo an chéad leabhar in Éirinn ina n-insítear scéal réabhlóid na Rúise. Cuirtear síos go bríomhar ar chúlra na gluaiseachta sóisialaí sa Rúis, ar an gcéad réabhlóid in 1905, agus ar thubaiste an chogaidh mhóir. Tugtar cuntas buille ar bhuille ar ghleic na gníomhartha is na smaointe i 1917. I rith an leabhair, ligtear do na rannpháirtithe labhairt dóibh féin. Tá léiriì breise ar phearsana is imeachtaí na réabhlóide le fáil i ngluais, imlíne agus pictiúir.