Réabhlóid na Rúise – Leabhar 2
- .5 KG:
- Coiscéim
- Aindrias Ó Cathasaigh
€20.00
Sa bhliain 1917 chuir cosmhuintir na Rúise dhá réabhlóid i gcrích, ceann a scuab seantíorántacht na sár chun siúil, agus ceann eile a chuir deireadh le rialtas gan mhaith. Fógraíodh go raibh an lucht oibre i réim anois, an cogadh mór thart, talamh ag muintir na tuaithe, ceart le fáil ag gach dream faoi chois. Aisling chumhachtach a bhí ann, a spreag daoine ar fud an domhain.
Bhí an Rúis scriosta ag na blianta den chogaíocht, áfach. Anuas air sin, bhí naimhde na réabhlóide ag troid fós, agus cabhair acu ó thíortha cumhachtacha eile a chuir airgead, gunnaí is saighdiúirí isteach leis an réabhlóid a thachtadh go luath. Bhí ocras agus galar ar na céilí comhraic ba láidre a bhí le sárú.
Má thug an réabhlóid na cosa léi, rinneadh dochar mór do na hidéil a spreag í. Ní daonlathas fairsing na n-oibrithe a d’fhás, ach ceannas an Pháirtí Chumannaigh. Gan an chabhair a raibh súil léi ó réabhlóidí i dtíortha eile, tháinig dream nua i gcumhacht de réir a chéile. I ndeireadh báire tháinig tíorántacht eile i réim faoi Stailin, agus aisling na réabhlóide ina smidiríní.
I Leabhar 1 de Réabhlóid na Rúise d’inish Aindrias Ó Cathasaigh an scéal suas go dtí 1917. Críochnaíonn sé an scéal anseo leis an ngéarchúis is dual dó, ag ríomh imeachtaí na réabhlóide go bríomhar, agus ag dul i ngleic leis na ceisteanna a eascraíonn uathu fós. Tugann sé cead cainte dóíbh siúd a bhí páirteach, agus caitheann gluais, amlíne is pictiúir tuilleadh solais orthu.





