Skip to main content

Réabhlóid Phádraic Uí Chonaire

  • .5 KG:
  • Coiscéim
  • Aindrias Ó Cathasaigh
Praghas

15.00


Beathaisnéis pholaitiúil Phádraic Ui Chonaire atá sa leabhar seo. Dá mhéid atá ráite faoi shaol is scéalta Ui Chonaire, nil an staidéar atá ag dul di déanta ar a chuid polaitiochta. Mura gcaitear lena chuid polaitiochta chomh dùthrachtach céanna is a chaitear lena chuid scéalaíochta, áfach, is bocht i år dtuiscint ar a shaothar ina iomláine, agus caillimid léargas ar scribhinní agus gníomhartha atá tábhachtach iontu féin. Mhol Ó Conaire go ndéanfai athrú réabhlóideach ar chúrsaí an tsaoil chun saoirse an duine a chur i réim in áit córas an bhrabúis. Baineann a shaol is a shaothar macalla láidir as an tréimhse ina raibh sé beo-tréimhse réabh-lóideach in Éirinn agus ar fud an domhain.

Tá an t-údar tar éis teacht ar na céadta altanna ó pheann Uí Chonaire nár tugadh faoi deara go dtí seo, an iliomad tagairtí dó i gcáipéísí agus i bhfoilseacháin éagsúla a nochtadh, agus solas úr a chaitheamh ar a lán réimsí dá shaol. Athróidh an leabhar seo ár dtuiscint ar Phádraic Ó Conaire ó bhonn.

Bronnadh an chéad duais ar an leabhar i gcomórtas na saothar próis in Oireachtas 2006. “Saothar tathagach substaintiúil a thugann léargais nua don léitheoir ar shaol agus ar shaothar Uí Chonaire” a thug moltóir air, “curtha i láthair i nGaeilge ghlan chraicneach”. Dúirt moltóir eile “faob-har intleachtúil ceart a bheith ar an anailís tríd amach… Radharc leathan nua an toradh, ní hamháin ar eisint is ar intinn Uí Chonaire, ach ar choin-níollacha soch-chultúrtha an oileáin seo trí chéile”. Tugadh “saothar eiseamláireach” air, “ceann a mbeifear á cheadú mar mhúnla i gcomhair fiosrúchán eile dá sórt go minic amach anseo”.

Tá aisti scríofa agus léachtaí tugtha ag Aindrias Ó Cathasaigh ar ghnéithe éagsúla de scéal Uí Chonaire, agus iad foilsithe ar irisi éagsúla. Tá leabhair ar Shéamas Ó Conghaile, Karl Marx agus Máirtín Ó Cadhain scriofa aige. Chuir sé eagar ar an gcnuasach An tAthrú Mór: Scríbhinní sóisialacha le Pádraic Ó Conaire, a fhoilsítear in éineacht leis an leabhar seo.