Riobard Mac Góráin – Ceannródaí Ildánach
- .5 KG:
- Coiscéim
- Máire Nic Fhinn
€10.00
Ceirníní Gael-Linn idir na 1950idí agus na 1970idí.
Ba cheannródaí ildánach é Riobard Mac Góráin a raibh ról lárnach aige in athbheochan na Gaeilge agus an cheoil dhúchais in Éirinn ó thús na 50idí seo caite. Chaith sé a shaol oibre mar ardfheidhmeannach i nGael-Linn 6 1953 go 2001, ag obair go príomha i réimse na n-ealaíon agus an oideachais.
Léiríonn an leabhar seo, trí chatalóg Ceirníní Gael-Linn, tri fhoinsi foilsithe agus neamhfhoilsithe, trí chuntais ó cheoltóirí, chomhghleacaithe agus chairde. scála na hoibre a chuir sé i gcrích trí ábhair chraolta, choirmeacha agus cheirníníagus é ag plé le tionscal an cheoil idir na 50idí agus na 70idí.
Faightear léargas ar Riobard mar fhealsúnaí óg le huaillmhian a bheith ina iriseoir agus ina dhiaidh sin a thréimhse eagarthóireachta leis an iris Comhar. Léirítear mar a threisigh a spéis sa bhfiontraíocht chultúrtha le Gael-Linn agus mar a d’fhorbair sé tionscadail shiamsaíochta agus thaifeadta ceoil a chuaigh i gcion ar an bpobal agus a chomhlíon misean na heagraíochta i leith na Gaeilge ag an am céanna. Is as an bhfiontraíocht nuálach seo a d’fhás an branda clúiteach, Ceirníní Gael-Linn, a bhfuil cáil fhorleathan air ar fud an domhain.





