Sa Pholl Báite – Ainmnithe – Gradam An Post do Leabhar na Bliana 2023
- .5 KG:
- Cló Iar-Chonnacht
- Anna Heussaff
- 9781784442613
€15.00
Tá Emer Uí Ghríofa imithe gan tásc. I gcúinne uaigneach ar bhruach na Life a aimsíonn an Garda Réamonn Seoighe a corp. Tá a mac, Dan, cráite faoina bás ach cén drogall atá air labhairt leis na gardaí?
Tá Colmán Ó Gríofa ina theach saoire ar leithinis Bhéarra an deireadh seachtaine céanna, é scartha ó Emer ach dílis di i gcónaí.
Tacaíonn a chomharsa Aoife Nic Dhiarmada leis agus í ag éirí gafa sa chás. Tá noda fiúntacha agus fianaise bhréige á scagadh aicise agus ag na gardaí; tá faire faoi cheilt ar siúl istoíche agus an t-am ag sciorradh. An nochtfar an ciontóir sula ndéanfar an dara marú?
Is úrscéal cumhachtach é SA PHOLL BÁITE a chaitheann solas géar ar choimhlintí sóisialta agus ar an nimh i gcroí an duine.
Bhain an saothar seo duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2022.