Is é atá sa leabhar seo cnuasach aisti ar ghnéithe difriúla de litríocht Ghaeilge an ochtú haois déag in onoir don Dr Úna Nic Einrí – an scolaire fial, flaithiúil o Mhainistir na Féile. larléachtóir le Gaeilge i gColáiste Mhuire gan Smál is ea Úna, agus is i ngort an ochtú haois déag is mó atá saothrú déanta aici. Tá eagrain thábhachtacha de shaothar Thaidhg Ghaelaigh Uf Shúilleabháin, Liam Inglis, Sheáin Ui Thuama agus, dar ndóigh, filí ‘gan iomrá’ Luimnigh, a contae dúchais, curtha ar fáil aici i gcaitheamh na mblianta. Is cuí, mar sin, go mbaineann na haistí ar fad sa leabhar seo leis an ngné seo de Léann na Gaeilge is ansa le húna, agus tá le fail anseo, dá bhrísin, eagráin de théacsanna ó lámhscríbhinní na tréimhse maille le plé ar ghnéithe éagsúla de litríocht agus de shaíocht Ghaeilge an ochtú haois déag ó údair aitheanta, ar iarchomhghleacaithe agus iarmhic léinn le hÚna cuid acu. Táthar ag súil go mbainfidh scoláirí na Gaeilge, agus léitheoirí ar suim leo litríocht na Gaeilge go ginearálta, idir thaitneamh agus tairbhe as a bhfuil curtha i dtoll a chéile anseo, is táthar dóchasach chomh maith go dtabharfaidh an saothar seo, atá ina chomhartha ómóis tráthúil do ‘Shaoi na Féile, léann Gaeilge an ochtú haois déag ar aghaidh beagáinín eile.




