Saol Corrach – Éire i mBun Réabhlóide
- 0.5 KG:
€7.50
Ó 1912 ar aghaidh chuaigh Éire trí thrithghníomh, cogadh, éirí amach, cogadh saoirse, agus cogadh cathartha. Tá go leor cainte agus comórtha á dhéanamh le tamall anuas ar an saol corrach a bhí sa tír seo céad bliain ó shin, agus má tá aon rud mór amháin tagtha amach as, seo é: nach bhfuil deireads raite fós. Tá go leor le fáil amach go fóill, agus firici nua ag teacht chun solais. An méid a bhí ar eolas cheana, tá daoine ag breathnú air ar bhealach eile, á léamh as an nua agus ag fáil tuiscint úr air.
Mar chuid d’Fhéile na Staire i mBaile Átha Cliath, tháinig triúr staraithe le chéile leis an tréimhse a phlé. Scrúdaigh Róisín Ní Ghairbhí na bealaí ar fheidhmigh na healaíona agus an Ghaeilge mar fhearainn réabhlóide. Chuir Aengus Ó Snodaigh síos ar an olltoghchán cinniúnach i mí na Nollag 1918 a d’athraigh léarscáil pholaitiúil na hÉireann ó bhonn. D’fhiafraigh Cormac Ó Comhraí cén tionchar a bhí ag an nGaeilge i ndáiríre mar spreagadh don réabhlóid. Bhí plé leitheadach ina dhiaidh sin ar a bhfuil le foghlaim againn ón saol corrach.
Tá na cainteanna sin agus an plé a lean díobh le fáil anseo. Ócáid ar leith a bhí ann, agus tá léargas ar leith ar ár stair le fáil aisti.




