Fear atá tugtha don bhrionglóideach is ea Saraifín.
Tá sé ar son na saoirse agus na háilleachta go daingean, ach tá nóisin neamhghnácha aige. Ní féidir locht a fháil ar a dhúthracht chun oibre, áfach. De bharr na diongbháilteachta atá ann, faigheann sé a mhian.
Tá saol deas ag Saraifín a chaitheann sé go sásta in éineacht lena dhlúthchara Mothall. Ach cuirtear i bponc gan choinne é nuair a thagann cruachroíocht daoine áirithe salach ar an bhfonn atá air feabhas a chur ar an saol. Seaghán Ó Modhráin a d’aistrigh.