Skip to main content

Scáil an Phríosúin

  • 0.5 KG:
  • Cló Iar-Chonnacht
  • Anna Heussaff
  • 9781784441197
Praghas

12.00


An lá atá inniu ann i bPríosún Chill Mhaighneann. Bean óg ina lui marbh i gceann de na cillíní. Saoirse Ní Néill is ainm di agus bhí taispeántas á eagrú aici faoi bhás tobann ógmhná eile breis is céad bliain ó shin. Cén fáth gur maraíodh Saoirse agus cén bhaint atá idir dúnmharú an lae inniu agus an mhistéir staire a thit amach sa chillín ceannann céanna? Cén chúis imní a thug ar Shaoirse glaoch ar sheanchara léi, Aoife Nic Dhiarmada, iar-iriseoir, deich lá níos túisce?

De réir mar a thógann Aoife agus a hiníon Sal cruacheisteanna faoin eachtra, méadaítear ar na contúirtínimhneacha ina dtimpeall. Agus cé atá lonnaithe i stáisiún Chill Mhaighneann ach an Garda Réamonn Seoighe, a bhí gafa leo cheana i gcás dúnmharaithe. An uair seo, dúshláin dá chuid féin le sárú aige le linn dó dul i ngleic leis an bhfiosrúchán.

Bhain an t-úrscéal seo an chéad áit amach i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2015 (ficsean ginearálta).