Skip to main content

Scannánaíocht na Gaeilge

  • .5 KG:
  • LeabhairCOMHAR
  • Marcas Mac Coinnigh, Róisín Ní Ghairbhí
  • 9781918127003
Praghas

20.00


Tugann Scannánaíocht na Gaeilge léargas úrnua ar scéal na scannán Gaeilge.

Agus borradh suntasach faoi scannánaíocht na Gaeilge le blianta beaga anuas, is tráthúil rianú a dhéanamh ar éabhlóid réimse Léann na Scannánaíochta Gaeilge. Sa chnuasach seo tá réamhrá cuimsitheach agus cuntais ilghnéitheacha le lucht déanta scannán agus le scoláirí aitheanta. Pléitear Man of Aran, Mise Éire, An Cailín Ciúin agus Kneecap i measc scannán eile. Sa ghluais atá le fáil i ndeireadh an leabhair tá spléachadh ar théarmaíocht nua-aimseartha na scannánaíochta. Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4, a scríobh an brollach, mar a bhfuil cur síos ar chomhthéacs na scannánaíochta Gaeilge sa lá atá inniu ann.

Cuirfidh idir scoláirí, scannánóirí agus lucht féachana spéis i Scannánaíocht na Gaeilge. Beidh an leabhar ina acmhainn bhuan agus ina spreagadh ag gach duine a chuireann spéis sa réimse bisiúil seo de shaol agus de Léann na Gaeilge.

Clár an Ábhair

  • Réamhrá- Fís, fionnachtain agus fiorú: Scannánaíocht na Gaeilge le Róisín Ní Ghairbhí agus Marcas Mac Coinnigh
  • Súil ar Scannánaíocht na Gaeilge le Muiris Ó Meara (1972-2014)
  • Fírinní agus Bréaga in Man of Aran (1934) le Seán Crosson 
  • Mise Éire (1959) agus an Chuimhne Chultúrtha le Marcuas Mac Coinnigh 
  • Caoineadh Bob Quinn:  Cineama Polaitiúil na hEorpa á thabhairt go hÉirinn le Jerry White
  • An Inscne, an Fhearúlacht agus an Teaghlach i  bhfadscannáin Bob Quinn le Caoimhín Mac Giolla Léith 
  • Aistriúchán ó Leathanach go Scáileán: Cré na Cille (2007) le Radvan Markus
  • Damáiste, Cumha agus Slánú: teacht aniar agus dlúthpháirtíocht na bhfear in Kings (2007) le Don Duncan
  • Portráid Aniar: Song of Granite (2017) agus Aistear Aonair Amhránaí le Róisín Nic Dhonncha
  • An tslí gan rudaí a rá amach: An Cailín Ciúin (2022) le Róisín Nic Ghairbhí 
  • Bás an cliché agus beatha na teanga: Kneecap (2024) le Fionntán de Brún 
  • Ag scríobh le solas nó ag saothrú an phinn: modhanna chun pearsantacht an údair a léiriú sa sacannán faisnéise le Aodh Ó Coileáin
  • Oscailtí, síolta, agus céim(eanna) eile: iniúchadh ar an ngearrscannán Gaeilge ó na 1990idí ar aghaidh le Seán Breathnach
  • An Fráma Iomlán: Gluais do Théarmaíocht Earnáil na Scannánaíochta agus Léann na Scannánaíochta Gaeilge le Éilís Ní Dhúill