Skip to main content

Scéal Chomhdháil Náisiúnta na hÉireann

  • 0.5 KG:
  • LeabhairCOMHAR
  • Máiréad Ní Chinnéide
  • 9781999802936
Praghas

15.00


Tugann an leabhar seo cuntas cuimsitheach ar cheann de na heagraíochtaí is tábhachtaí a raibh lámh acu le Gluaiseacht na Gaeilge san fhichiú haois, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, ó thús go deireadh a saolré, agus é ina scáthán ar imeachtaí deonacha na Gaeilge san aois seo caite.

Bunaítear an cuntas den chuid is mó ar bhuntaighde ar mhiontuairiscí agus ar pháipéirí eile na heagraíochta; ar agallaimh leo siúd a bhí bainteach leis an gComhdháil, chomh maith le cíoradh ar irisí agus nuachtáin Gaeilge agus náisiúnta na linne. Saibhrítear an cuntas seo le peannphictiúir ó dhaoine a raibh nasc áirithe acu leis an gComhdháil, nó a leag súil thar na blianta ar athruithe agus forbairt na heagraíochta ó pheirspictíocht i gcúinne eile de shaol na Gaeilge.

Anuas air sin, ómós is ea é seo ar dhuine de na toscairíba uaisle agus ba dhíograisí de Ghluaiseacht na Gaeilge, Máiréad Ní Chinnéide, a chéadfhiosraigh an stair seo leis an gcuntas céanna a sholáthar. Tá roinnt ábhar cuimhneacháin dílsithe do Mháiréad anseo chomh maith, á ceiliúradh, agus a heisceachtúlacht le braith iontu.