Scéal Scéil – Rúndiamhra na Meán
- 0.05 KG:
€15.00
Táimid uile ag feidhmiú faoi scáth na meán cumarsáide ach is beag eolas atá againn i ndáiríre faoi cén chaoi a bhfeidhmíonn siad. Sa leabhar seo nochtann iriseoirí aitheanta, atá in ard a maitheasa faoi láthair, a gcuid rún faoi na modhanna oibre a chleachtaíonn siad chun scéalta a aimsiú agus a sheachadadh. Gheobhaidh an léitheoir spléachadh ní hamháin ar ealaín na ceirde ach ar an chleasaíocht a bhíonn ar bun i seomraí nuachta na tíre. Tá idir mhagadh is dáiríre sa leabhar seo agus tarraingíonn na hiriseoirí ó thaithí fhairsing na mblianta le scéilíní agus le smaointe faoi chleachtadh na hiriseoireachta a roinnt linn.
Déantar cíoradh ar réimse leathan ábhar ann: na tréithe atá riachtanach, an tablóideachas, claonta polaitiúla, tuairiscí ó láithreacha cogaíochta, féidearthachtaí gnó na hiriseoireachta, cén chaoi le ceisteanna a chur agus le freagraí a sheachaint.
Ar na hiriseoirí scríobh aiste don leabhar tá Harry McGee, Paul Drury, Póilín Ní Chiaráin, Seán Ó Cuirreáin agus Cathal Mac Coille.




