Scéal Shéamais Bhig
- .5 KG:
- An Sagart
- Dáithí de Mórdha
- 9781903896853
€30.00
Leabhar i gcló greanta i gceangal crua maisiuil é seo ar Shéamas Beag, a shaol, a scéalta, agus a dheisbhéalaí. B’é togha chainteoirí Dhún Chaoin é lena linn. Cé go raibh sé go mór i mbéal na ndaoine ar feadh trí ghlúin agus go leor scéalta faoi, agus samplaí dá dheisbhéalaí ar eolas go forleathan is beag duine go raibh aithne cheart aige air féin ná a chúinsí. Tá an t-easnamh sin leighiste go slachtmhar anseo ag garmhac a iníne Dáithí de Mórdha, údar an leabhair seo. Tugann sé scéal a bheatha mar fheirmeoir beag, athair clainne, iascaire, agus caraeirí. Tá leis aige samplaí dá dheisbhéalaí agus dá rannaireacht chliste, agus a bhfuil dá bhéaloideas sa Chartlann i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath. Tá breis is dosaen grianghraf spéisiúil ann leis.