Skip to main content

Scéalta Dóláis agus Dóchais – Cín Lae Fhrancach II 2021-22

  • .5 KG:
  • Coiscéim
  • Patrick Martin
  • 767062499325
Praghas

20.00


Insíonn an leabhar seo gnátheachtraí an lae i mbaile beag sa Fhrainc i rith bliana. Is ann don áit, do na daoine agus do na heachtraí, ach athraíodh na hainmneacha pearsanta. Scríobhadh é gan phlean réamhcheaptha, gan mhodh oibre seachas an nuacht lom agus iomas an údair nach bhfuil an bradán feasa blaiste aige.

Tuigeann sé cad as dó: is siúlóir é a leanann a bhealach féin gan GPS inmheánach ná ceann scríbe réamhroghnaithe seachas tóraíocht na féinaithne agus sonas an aistir. Níl a fhios aige cad is eol dó ach go bhfuil amhras air faoin saol. Pléitear stair, polaitíocht, cairdeas, eachtraí poiblí agus príosúin.

Bíonn gut an údair íoróineach spreagúil ainrialta, agus ní griogadh gan chúis é ach cuid dá phearsantacht. Níl dath ná inscne ná cine ná aois ag an scríobh. Ní gá aontú le tuairimí ná ceisteanna an údair, ach más fíor an cuntas, seans go dtiocfaidh tú ar an méid is tábhachtaí, an méid nach bhfuil ráite. Tagann tuiscint as cíor thuathail an tsaoil, agus tugann geata na féinaithne duine amach chuig spléachadh den uilíocht dhaonna.

Tá cónaí ar Patrick Martin sa Fhrainc. Is séiplíneach príosúin é. D’fhoilsigh Coiscéim a chéad cín lae Fhrancach Scéalta Scéine agus Aiséirí in 2021.