Skip to main content

Scéalta ó m’Óige

  • 0.3 KG:
  • Éabhlóid
  • Nuala Ní Ghallchóir
  • 9781916047051
Praghas

10.00


Bailiúchán álainn scéalta a thumann isteach i samhlaíocht shoineanta an pháiste muid ar shlí go bhfeictear an saol arís mar a chonaic nuair a bhí muid óg. Tá an bua sin ag Nuala Ní Ghallchóir sna scéalta seo, díriú isteach ar na mionsonraí a athlasann na cuimhní agus a thugann siar muid go dtí na móimintí sona sin a raibh an saol saor agus gan bhuaireamh. Cuireann Nuala síos ar a saol ag éirí aníos i nGaeltacht Thír Chonaill i lár an chéid seo caite agus mar a d’athraigh rudaí dóibh nuair a bhog an teaghlach ó dheas go Ros Comáin. Cuimhní cinn a thugann ar ais muid go laetha geala ár n-óige, atá lán de nathanna saibhre agus atá scríofa i nGaeilge bhinn bhlasta. Is léiriú breá iad na scéalta seo ar an phearsantacht chaoin a bhí ag an údar agus ar an oidhreacht a d’fhág sí againn.

 

Clár:

1. An Bhábóg

2. Am Luí

3. Ábhar Léitheoireachta

4. Aintín Máire

5. Cuairteoirí

6. Rothar mo Mháthar

7. Niall sa Charn Aoiligh

8. Faoin Staighre

9. Cnapán Bán ar Bhairbre

10. Teach an Phobail

11. An Lampa Glas

12. Ag Gabháil ‘un tSiopa

13. Slán

14. Cineáltas Comharsan

15. Saoire i dTigh Néill

16. An “Nun”

17. Súile Fliucha

18. Páidín: “Easpag”

19. Bás mo Mháthar Móire

20. Scéal Nóra