Scéalta Scéine agus Aiséirí – Cín Lae Fhrancach 2020-21
- 0.5 KG:
- Coiscéim
- Patrick Martin
€12.50
Cuntas atá sa leabhar seo ar eachtraí an ghnáthlae le linn na chéad paindéime Covid i sráidbhaile beag tuaithe i ndeisceart na Fraince. Scríobhadh é gan plean réamhcheaptha seachas an cur síos rialta gonta, gan modh oibre seachas na smaointe a eascraíonn ó ábhar léitheoireachta an lae agus ó na himeachtaí de réir mar a théann cúrsaí ar aghaidh. Nil aon rud ficseanaithe, is ann do na carachtair, na háiteanna agus na heachtraí, cé gur athraíodh ainmneacha pearsanta chun a bheith discréideach. Ligeann an t-údar a chuid machnaimh leis an léitheoir, ach ó nach mbíonn dath ná inscne ná cine ná aois ag an scríobh, tá súil aige gurb ionann an rud pearsanta is an rud uilíoch. Tagann cuidiú as cuimse chuige as scéalta an Bhíobla de bhrí gur séiplíneach príosúin é, as scríbhneoirí na Fraince ón Mheánaois go dtí an lá atá inniu ann, agus ón iliomad aistriúchán Gaeilge atá déanta orthu. Is mór a tharla in imeacht bliana, idir chúrsaípoiblí, sláinte, cairdis agus athrú saoil, agus is grinn an léargas atá le fáil i leathanaigh an leabhair seo ar na scéalta scéine, aiséirí agus eile.
Tá Patrick Martin ina chónaí sa Fhrainc, leath bealaigh idir Páras agus Toulouse. Chaith sé a shaol ag múineadh teangacha agus reiligiúin, agus is séiplíneach príosúin anois é. Seo an chéad leabhar uaidh.





