Skip to main content
Lascaine!

Scórscéalta

  • 0.2 KG:
  • Coiscéim
  • Pádraig Ó Snodaigh, An Snodach Mór
  • 6660012210183
Praghas

Original price was: €7.50.Current price is: €5.00.


Sula raibh sé ag fiosrú na staire, ag cumadh filíochta, nó ag foilsiú leabhar, bhí Pádraig Ó Snodaigh ag gabháil don spórt. Bhí sé ina reathaí, ina imreoir rugbaí, ina pheileadóir Gaelach is sacair araon. Ba shnámhaíé corruair, ba thrua nár éirigh an iomáint leis, agus b’fhánach ar fad a bhaint leis an gcruicéad. Ní lán an mhatail de choirn agus boinn a ghnóthaigh sé as, ach rud i bhfad níos luachmhaire: caidreamh, cairdeas, agus taithí ar an saol.

Tá rogha staire againn uile ach tiontú ar dheis seachas dul ar aghaidh, ar chlé nó ar chúl, agus is féidir tosú as ar tharla agus leanúint ar chonair na samhlaíochta, más é sin ár rogha. Is mar sin a thosaigh na scéalta seo… Bainigí sult astu.

Rugadh Pádraig Ó Snodaigh i gCeatharlach i 1935. Tar éis a bheith ina theachtaire i gcomhlacht árachais agus ansin ina oifigeach cléireachais le Bord Soláthair an Leictreachais, chaith sé breis is scór bliain ina leaschoimeádaí in Ardmhúsaem na hÉireann. Ba é uachtarán Chonradh na Gaeilge é 1974-9. Is fada aithne air mar staraí, file is foilsitheoir, agus tá a lán leabhar leis i gcló.

 

Clár:

I Breall

II An Maratón

III Corn na Sagart

IV An Staid

V Ag Imirt Caide

VI Líofacht

VII M’Aon Chúl Amháin

VIII An Staid i Síol mBroin

IX Séamafór, ab ea?

X Aineolas Do-Sháraithe is So-Sháraithe

XI Ag Meascadh na gCaid

XII Filleann an Feallaire

XIII Aiséirí

XIV Míle i gCúig Neomat

XV Gang Bang

XVI LBW

XVII An Dínascadh

XVIII Is Fiú Rás Rince

XIX An Difríocht

XX Cosaint na Mac Léinn