Skip to main content

Scríbhneoirí Cois Teorann 2

  • 0.21 KG:
  • Coiscéim
  • Prionnsíos Ó Duigneáin (eag)
  • 6660012150359
Praghas

7.50


An dara cnuasach chugainn ó thuaisceart na tíre. Meascán de ghearrscéalta, d’fhilíocht agus d’ábhair liteartha eile mar iad. Saothair ann le; Damhliac MagShamhráin, Seosamh Mac Muirí, Séamus Mac Annaidh, Rossa Ó Snodaigh, Eoghan Ó Conaill, Hiúdaí Croker, Caitlín Mac Amhlaigh, Róisín Uí Mhuiris, Séamus Ó hUltacháin, Diarmuid Mac Conmhaoil, Brian Ó Súilleabháin agus níos mó fós

Neart scéalta agus dánta ón Iarthuisceart arís! D’éirigh go seoigh leis an gcéad leabhar sa tsraith agus táthar a’ súil go leanfar le foilsiú saothar le scríbhneoirí ón taobh seo tíre. Tá ár mbuíochas ó chroí ag dul dona húdair a bhí sásta scríbhinní leo a chur chugainn arís. Fáiltímid go mór roimh na scríbhneoirí nua agus is cinnte go dtabharfaidh siad misneach agus spreagadh do dhaoine eile de chuid na háite dul i mbun pin agus a léargas sainiúil féin ar an saol, ar mheon an duine, ar an stair agus ar thodhchaí na Gaeilge a chur ós ár gcomhair.