Scríbhneoirí Cois Teorann 4
- 0.4 KG:
- Coiscéim
- Seosamh Mac Muirí (eag)
€7.50
Táimid i gcló arís d’ainneoin easpa córas ceart idirlín faoin tuaith agus thairis sin, táimid níos ilteangaí i mbliana. Comharthaíonn an ceathrú cnuasach bliantúil seo go bhfuil ár dteanga ag meascadh le teangacha úra eile i nGleannta na Bréifne. Tá sláimíní i gceithre cinn de theangacha eile chomh maith leis an nGaeilge sa díolam seo.
Tá blaiseadh de dhearcadh an duine ar an saol cois teorann faoi iamh anseo, ach le cois an méid sin, roinntear ealaín an phróis agus na filíochta linn chomh maith. Go spíona an cnuasach seo, Scríbhneoirí Cois Teorann 4, cuid de dhúluachar na bliana go fóinteach duit!
An 4ú leabhar sa sraith bliantúil. Aistí, gearrscéalta, prós agus filíocht sa cnuasach seo ó na h-údair seo leanas: Diarmuid Mac Con Mhaoil, Colum Mac Giolla Fhiontáin, Seosamh Mac Muirí, Seosamh Mac Suibhne, Eoghan Ua Conaill, Pat Kearney, Brian Ó Súilleabháin agus Séamus Ó hUltacháin. Ábhair eolach, cliste, suimiúil, taitneamhach agus greannmhar atá ann.





