Skip to main content

Scríbhneoirí, Filí agus Ceoltóirí agus Gaeltacht Láir Thír Chonaill

  • .5 KG:
  • Pádraig S. Ó Baoighill
  • Pádraig S. Ó Baoighill
  • 9781739841157
Praghas

25.00


Is ceantar fairsing tuaithe i lár Chondae Dhún na nGall é an limistéir ar a dtugtar an Ghaeltacht Láir.  Tá codanna ar leith de pharóistí difriúla mar chuid den Ghaeltacht seo. Ina measc siúd tá Inis Chaoil, Teampall Cróine, Gleann tSúilí agus Gleann Fhinne.  Mar is léir ón bhailiúchán seo, mhair a lán daoine sa cheantar seo a raibh meas agus grá acu ar chúrsaí léinn, ar oidhreacht agus dúchas ár dtíre.  Sa chomhluadar sin bhí filí, scríbhneoirí, ceoltóirí agus seanchaithe. Ní amhras ar bith na gur daoine ábalta cumasacha iad uilig agus tugann an foilseachán seo léargas cuimsitheach dúinn ar an tsaibhreas agus ar an oidhreacht luachmhar a bhronn siad ar ghlún an lae inniu agus fosta ar na glúnta atá ag teacht ina ndiaidh.  Is deas go bhfuil eolas ar na daoine seo agus ar a saothar sa chnuasach seo. Ní raibh a léithéid de leabhar curtha ar fáil faoi an Ghaeltacht Láir go dtí seo ach mar a deir an seanfhocal ‘Is fearr go mall ná go brách’.

 

Clár an leabhair:

Réamhrá – Pádraig Ó Dochartaigh

1. Seaghán Bán Mac Meanman – Máire Uí Cheallaigh

2. Aindrias Ó Baoighill – Conall Mac Sedin

3. Cairdinéal Pádraig Ó Domhnaill – Pádraig S. Ó Baoighill

4. Peadar Toner Mac Fhionnlaoich – Cú Uladh Dolores Nic Monagail

5. Séamas Ó Creag – Anna Ní Bhraonáin

6. Peadar Ó Ceallaigh – Pádraig S. Ó Baoighill

7. Isaac Butt – Pádraig Ó Gallachóir

8. Conall Mac Daibhéid – Pádraig S. Ó Baoighill

9. Nábla Nic Dhaibhéid – Pádraig S. Ó Baoighill

10. Tadhg Ó Tiománaidhe – Máire Uí Cheallaigh

11. Sinéad Nic Monagail – Aine Ní Dhíoraí

12. Doiminic Ó Ceallaigh – Pádraig S. Ó Baoighill

13. Domhnall Mac Diarmada – Eamonn Ó Ceallaigh

14. Peadar Breathnach – Pádraig S. Ó Baoighill

15. Madge Herron – Patricia Herron

16. Pádraig Mac a’ Ghoill – Colette Ní Ghallachóir

17. Pádraig Mac Fhloinn – Pádraig S. Ó Baoighill

18. Jimí Mór Ó Cuinn – Pádraig S. Ó Baoighill

19. Bridget McGinley – Pádraig S. Ó Baoighill

20. Mícheál Mac Fhionnlaoich – Pádraig S. Ó Baoighill

21. John Simí Ó Dochartaigh – Pádraig S. Ó Baoighill

22. Tárlach Mac Suibhne – Pádraig S. Ó Baoighill

23. Na Campbells, Jimí et Vincent – Pádraig S. Ó Baoighill

Aguisín 1: Stair Eaglasta Bhaile na Finne – Pádraig S. Ó Baoighill

Aguisín 2: Nótaí Beathaisnéise