Seo mo Scéal Daoibh a Chairde
- .5 KG:
€15.00
Seo mo Scéal Daoibh, a Chairde! Rugadh Emma Ní Mhurchú i mBaile na nAoraí i mBéarra i 1951. D’fhreastail sí ar an mbunscoil in Oircheann, agus fuair sí a cuid meánscolaíochta i gClochar na nUrsulach i gCorcaigh. Bhain sí céim BA amach i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Bhí sí ag múineadh i meánscoil Chlochar na Toirbhirte, Droichead na Bandan, i meánscoil Shiúracha na Carthanachta i dTrá Mhór agus i meánscoil Chlochar na Trócaire i bPort Láirge ar feadh tríocha bliain. Phós si Máirtín Verling, (1946-2007), Port Lách, agus chuadar chun cónaithe i gCill Rónáin, Baile an Bhuitléirigh, Co. Phort Láirge. Tá beirt iníon acu, Cáit is Emma, a bhfir chéile, Jerry is Cian, agus cúigear garleanbh, Fia, Luisne, Éile, Naoise agus Líadain. Is í an Ghaeilge teanga na clainne.