Skip to main content

Seoid na Seacht Réalt (The Jewel of Seven Stars)

  • 0.5 KG:
  • Risteárd Mac Annraoi
  • Bram Stoker
Praghas

15.00


‘The Jewel of Seven Stars’ le Bram Stoker arna aistriú go Gaeilge ag Risteárd Mac Annraoi.

 

Is beag duine nár chuala trácht ar Dracula nó ar a údar iomráiteach, Bram Stoker as Baile Átha Cliath. Is lomai urscéal eile a scríobh sé, áfach, ina mease Seoid na Seacht Réalt, a foilsíodh den chéad uair i 1903. Mionchlasaic is ea é agus bleachtaireacht, diamhaireacht is asarlaíocht fite fuaite ann.

Nuair a thagann an teigipteolai Abel Trelawny ar mhumai na Banriona Téara, nil a fhios aige cén tubaiste a thiocfaidh as a chuid taighde. Scaoiltear cumhachtai neamhshaolta fiorársa lena theaghlach agus a chairde. Cén nase atá idir an mumai is a inion Margaret, nó a cara sise Malcolm Ross? Tháinig an bás sna sála ar éinne a sháraigh reacht na seandéithe. Titeann na himeachtaí amach i ngaineamhlach na hÉigipte, i gcroílár Londan, agus ar fhailltreacha sceirdiúla Chorn na Breataine. Scéal spreagúil eachtrúil atá ann, a chuirfidh griofad ar an léitheoir is cróga amuigh.

Bhí sáreolas ag Bram Stoker ar Éigipteolaíocht a linne, agus tá sin de dhlúth is d’inneach an scéil seo. Bhain sé leas as le téamaíeile a phlé, agus tá an scéal ina scáthán ar an saol corrach a bhíroimh an bhfichiú haois. D’aon ghnó, scríobh sé scéal a bhfuil críoch gan choinne leis, ar féidir do chiall féin a bhaint as. Tá sé le léamh i nGaeilge anois, agus é maisithe go hálainn le pictiúir nua-choimisiúnaithe.