Seraphina
- 0.5 KG:
- Coiscéim
- Rachel Hartman
- 6660012210114
€12.50
Úrscéal Seraphina le Rachel Hartmann – scéal fantasaíochta lán draíocht (agus dragan).
Daichead bliain ó shin, rinneadh síocháin idir tir na Goiréide agus na dragain atá in ann cruth daonna a chur orthu féin. Direach roimh cheiliúradh na síochána, áfach, maraitear prionsa Goiréadach, agus is cosúil go raibh baint ag dragain leis an bhfeall. Go tobann, tá cuma thar a bheith leochaileach ar an tsiocháin…
Tá Seraphina Dombegh, fliúiteadóir éirimiúil, direach tar éis dul le gairm an cheoil sa chúirt ríoga. De bharr an léargas ar leith atá aici ar chúrsaí, iarrtar uirthi dul i bpáirt leis an bprionsa géarchúiseach Lucian Kiggs, captaen Gharda na Banríona, leis an dúnmharú a fhiosrú.
Ar an drochuair, tá rún millteanach dá cuid féin ag Seraphina. An mbeidh sí in ann cabhrú leis an bprionsa teacht ar an dúnmharfóir gan an fhirinne fúithi féin a nochtadh -fírinne a chuirfeadh a cairdeas leis an bprionsa i mbaol, nó fiú a beatha féin?
“Fantaisíocht uaibhreach agus i leagtha amach go dlúth” a thug an Washington Post ar an úrscéal seo: “Lán le grástúlacht is maorgacht.”
Bhí SERAPHINA ar liosta sárdhíola an New York Times agus san iliomad teangacha ar fud an domhain, agus bronnadh mórghradaim ar Rachel Hartman as. Seo é anois i nGaeilge, in aistriúchán cumasach lena fear céile Scott Oser.





