Síolta – Pobail Ghaeilge úra agus na daoine a thóg iad
- 0.7 KG:
- Coiscéim
- Ciarán Dunbar
- 6660012210572
€15.00
Ábhar iriseoireachta go príomha is ea an saothar seo, is é sin go bhfuil an leabhar bunaithe ar agallaimh a chuir an t-údar ar ghníomhaithe éagsúla a thóg pobail úra Ghaeilge.
Léifear tuairimí na n-eagraíochtaí Gaeilge agus ghníomhaithe mór le rá, léifear stair Bhóthar Seoighe, Árd Barra, Ráth Cairn, Chairn Tóchair, Na Gaeil Óga, Laochra Loch Lao agus Sabhal Mòr Ostaig chun a bheagán a lua. Léifear tuairimí láidre de gach cineál.
Cé go ndearna an t-údar bunús na n-agallamh agus na scríbhneoireachta le linn 2020, téann a chuid spéise san ábhar i bhfad siar, chuig tús a shlí bheatha mar iriseoir.
Bhí suim ag an údar i gceist sheachadadh na Gaeilge mar chéadteanga i gcónaí, nó chun a bheith níos cruinne faoi, bhí sé ag iarraidh fáil amach cén fáth nach dtugann daoine an teanga dá gcuid páistí.
Tá saineolaithe den tuairim go bhfuil an Ghaeilge – mar chéadteanga agus mar theanga phobail – i ngarbhaol a báis.
Cén fáth? Cad chuige nach dtógann níos mó daoine a gcuid páistí le Gaeilge?
Tá na saineolaithe beagnach ar aon fhocal maidir leis an cheist chiotach sin – tá tearmainn nó pobail de dhíth ar an Ghaeilge chun maireachtáil mar chéadteanga.
Mar sin de, tá dlúthcheangail idir cheist sheachadadh na teanga agus ceist na bpobal úr, ós iarrachtaí iad (seachas Ráth Cairn) comhthéacs nádúrtha a chruthú do thógáil pháistí le Gaeilge.
Clár
An tsochtheaneolaíocht
- ‘Teanga bheo’
- Bás teanga
- Cad is cainteoir dúchais ann?
- An Ghaeltacht
- Comharsanacht vs Pobal Sainleasa
- Fishman
- Barántúlacht
Éadíchas
- Bás
- Stádas
- Daonáireamh 2016
- Daonáireamh 2011 Thuaisceart Éirinn
Béarla
- ‘The Black Fact’
- Abair liom, cén fáth an Béarla?
- “Níos ísle ná mar a cheapfaí”
- Rogha agus buannaíocht
- An saol
- Easpa tacaíochta nó ‘an streachailt’
- Náire chultúrtha
- Freagracht
- Easpa Gaeilge
- Tionchar na Gaellsolaíochta
- “Teip”
- Easpa polasaí tí
- Easpa pobail, easpa tearmainn
- An fhadhb is mó
- Conclúid
Dóchas
- “Iosrael in IarChonnachta”
- “Conspóid: Gae;[hobail an Dara Céad agus an Dara hAliyah”
- ‘Crannóga’
- “From Language Revival to Survival”
- ‘The Broken Harp’
- ‘Tearmann na nGael’
- Máirtín Ó Cadhain
- Séamus Mac Seáin
- “Scéimeanna Pobail”
- Misneach Mhic Aoidh
- Conradh na Gaeilge
- Glór na nGael
Pobailí úra na Gaeilge
- Pobal Feirste, Bóthar Seoighe, Béal Feirste
- Stair na scéime
- Fís
- Idé-eolaíocht
- Dearcadh agus cur chuige
- Cuman Chluain Árd
- Féiniúlacht
- Bunscoil Phobal Feirste
- Imeacht Mhuintir Uí Mhonacháin
- Tionchar Phobal Feirste
- An Chultúrlann
- Cén fáth ar éirigh le Pobal Feirste?
- Cuimhní na bpáistí
- Cad a léiríonn Pobal Feirste?
Ard Barra
- Tomás Ó Canainn
- Scolaíocht
- Canúint
- Tionchar
- Baint le Bóthar Seoighe
- Ar éirigh leis?
- Cad a léiríonn Ard Barra?
Carn Tóchair
- Fís
- Cúis Uí Chatháin
- Feidearthacht Uí Fhlannagáin
- Bunú an Choiste
- Comparáid le Bóthar Seoighe
- An Ghaelscolaíocht
- An t-aos óg
- Infreastruchtúr eile
- Cén fáth an rath?
- Áitiúlachas
- Stádas Reatha na tenaga
- Cumannn Lúthchleas Gael Shleacht Néill
- Cad a léiríonn sé?
Na Gaeil Óga
- ‘Gael-chlubanna’
- An pobal é NGÓ?
- Meon
- ‘Pobal neamhbhuan’
- Cad a léiríonn NGÓ?
Uachtar Chluanaí
- Mac Ionnrachtaigh
- Cúlra
- Tionchar Bhóthar Seoighe
- Laochra Loch Lao
- Cad a léiríonn sé?
Gaeltacht na Mí
- Gníomhaíocht
- Baile Ghib
- Baile Ailín
- Cad a léiríonn sampla Ráth Cairn?
Sabhal Mór Ostaig
- Cad a léiríonn sé?
- Cén fáth nach ndéanfaí aithris ar Bhóthar Seoighe?
- Easpa spéise
Focal soir
- Polaitíocht na foghraíochta
- Gaelphobail
- Gaelscoil
- Cumainn agus clubanna
- Fostaíocht
- Dlúis cainteoirí
- Cén fáth an fás?




