Skip to main content

Smaointe le Blaise Pascal – aistrithe ag Breandán Ó Doibhlin

  • 0.5 KG:
Praghas

7.50

Out of stock


Tá na “Smaointe” seo ar mhórshaothair mhachnaimh na nua-aimsire san Eoraip. Eolaí iomráiteach ina linn féin, ba smaointeoir bunúsach ar an saol daonna é Blaise Pascal chomh maith, agus máistir ar phrós-scríbhneoireacht na Fraincise. I ndeireadh a shaoil ghairid. bhí saothar á bheartú aige a dhéanfadh athmhuintearas ar na fórsaí a bhí á stialladh, diograis na heolaíochta, pléisiúir na beatha agus an creideamh críostaí, fórsaí atá ag imirt ar mhuintir ár linne féin go fóill. Níor mhair sé lena leabhar a chríochnú, ach ina bhlúirí fáin agus uile dhó mar a fágadh é, is fada ina chuid lárnach é de dhearcadh fealsúnta na hEorpa, agus nathanna gonta géarchúiseacha an údair i mbéal daoine gan fhios dóibh. Saothar nach foláir a bheith léite ag an té gur spéis leis freagra na heagna daonna ar chás an chine dhaonna.

Aistrithe go Gaeilge ag Breandán Ó Doibhlin