Skip to main content

Stair na Síochána in Éirinn

  • .5 KG:
  • Coiscéim
  • Risteard Mac Annraoi
Praghas

20.00


Níl aon dabht ach gur mhinic cogaíocht, ár agus sléacht le fáil i stair na hÉireann, agus is iomaí scéal ar a léithéid. Ach bhíodar ann i gcónaí a mhol slí eile don tír, slí na síochána. Má bhí uaireanta ann nár tugadh cluas dóibh, agus más annamh a dheineadh mar a mhol siad, sheas siad fód na síochána ainneoinn na n-ainneoin, ag dearbhú gurbh fhearr réiteach neamhfhoréigneach ar fhadhbanna an tsaoil ná dul i ndeabhaidh lainne.

Ríomhtar stair lucht na síochána anseo. Ón seanam go dtí ár linn féin, cuirtear síos ar dhaoine agus cumainn a chuir ar son na síochána le brithar agus gníomh. Ní cheiltear na laigí agus lochtanna a bhí orthu, ach léiritear an dea-obair a dhein siad i gcoinne uafás na cogaíochta. Dream cróga a bhí iontu nár cheart a ligean i ndearmad, agus is mithid a scéal a insintm, agus tóir na síochána romhainn fós.