Súil le Breith
- 0.3 KG:
- Leabhar Breac
- Pádraig Standún
€9.00
Úrscéal é Súil le Breith a tharraing caint nuair a foilsíodh ar dtús é i 1983, agus é ar ais i gcló anois tar éis 15 bliana.
Rogha idir dualgas, grá agus an tsagartóireacht.
Sagart paróiste ar oileán Gaeltachta é Tom Connor, fear atá ag troid ar son pobal atá bánaithe ag an imirce agus ag an mbochtanas. Insíonn a bhean tí, Marion, dó go bhfuil sí ag súil lena pháiste. Caithfidh Tom rogha a dhéanamh idir a dhualgas i leith a phobail, a ghrá do Mharion, agus a chreideamh sa tsagartóireacht. Tá idir dhrámatúlacht agus bhriseadh croí i réiteach an scéil seo. Is ar an úrscéal seo a bunaíodh scannán Bhob Quinn, Budawanny (1987).
I Maigh Eo i 1946 a rugadh Pádraig Standún. Tá aithne air mar ghníomhaí pobail, agus tá sé ina shagart paróiste i gCárna. Tá deich n-úrscéal scríofa aige. Ba é Súil le Breith a chead úrscéal.