Skip to main content

T-Léine – CEARTA 20/09 2025

  • .5 KG:
  • Conradh na Gaeilge
Praghas

12.00


T-léine Chonradh na Gaeilge a léiríonn ciorcal bán ar chúlra dearg, agus  stampa CEARTA sa mhullach ar an gciorcal. Rachaidh airgead ón t-léine seo go díreach chuig Conradh na Gaeilge.

Cuideoidh díolachán na dt-léinte seo le hobair Chonradh na Gaeilge chun gníomhú ar son Éilimh CEARTA 2025. 

Baileoidh an slua le chéile ag Cearnóg Pharnell agus siúlfar fríd croílár Bhaile Átha Cliath chomh fada le Teach Laighean, áit a mbeidh óráidí agus agóid.

Éileamh 1: Maoiniú

Go n-aithneofar an bonnleibhéal maoinithe éagothrom stairiúil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht agus an séanadh cearta teanga éirithe as sin thar na blianta don phobal agus go gcuirfear maoiniú sásúil ar fáil tríd na háisíneachtaí stáit cuí le freastal go cothrom ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta

Éileamh 2: Tithíocht sa Ghaeltacht

Go gcinnteofar go mbeidh an ceart ag pobal na Gaeltachta cónaí ina gceantar dúchais agus an teanga a shlánú mar theanga phobail sna ceantair chéanna

Éileamh 3: Oideachas

Go mbeidh an ceart agus an soláthar sásúil cuí curtha ar fáil ag an dá Rialtas thuaidh agus theas chun go mbeidh gach dalta scoile in ann freastail ar an nGaelscolaíocht agus go mbeidh an ceart agus an soláthar sásúil cuí curtha ar fáil do gach dalta scoile le Gaeilge a fhoghlaim i gcóras comhthaite i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla

Éileamh 4: Cearta

Go gcomhlíonfar agus go gcuirfear gach cearta teanga, reachtaíocht teanga agus gealltanais Rialtais bainte amach le tamall de bhlianta anuas i bhfeidhm gan a thuilleadh moille

Uimhir Charthanais na Coimisinéirí Ioncaim: CHY 3094

Uimhir Charthanais Chláraithe, An Rialálaí Carthanas: RCN 20003869

Tá Conradh na Gaeilge cláraithe leis an Choimisiún Carthanais ó thuaidh faoi CNAG Teoranta Limited: NIC107137