Skip to main content

Tabhartas do Chonradh na Gaeilge

Praghas

10.00


Tabhair do Chonradh na Gaeilge agus tú ag cur ordú isteach leis An Siopa Leabhar.

Conas tabhartas a dhéanamh:

Má chuireann tú €10 sa chiseán, tabharfaimid €10 don charthanas; má chuireann tú €10.00 x 3 sa chiseán, tabharfaimid €30 don charthanas*.

Dáileadh na dTabhartas:

Déanfar tabhartais a roinnt le Conradh na Gaeilge nuair a shroichtear €50.00, nó gach sé mhí, pé acu a tharlaíonn níos luaithe.

Eolas faoin gCarthanas:

Uimhir Charthanais na Coimisinéirí Ioncaim: CHY 3094

Uimhir Charthanais Chláraithe, An Rialálaí Carthanas: RCN 20003869

Tá Conradh na Gaeilge cláraithe leis an Choimisiún Carthanais ó thuaidh faoi CNAG Teoranta Limited: NIC107137

Príomhchuspóir an Charthanais:

An Ghaeilge a athréimniú mar ghnáththeanga na hÉireann agus feidhmiú ar son na haidhme trí, i measc rudaí eile: cur le líon lucht labhartha na Gaeilge; cur le líon na dteaghlach a thógann clann le Gaeilge; cur le stádas na Gaeilge de jure agus de facto in Éirinn agus thar lear; gach tacaíocht, gach seirbhís agus gach áis a bheith ar fáil chun saol a chaitheamh trí Ghaeilge in Éirinn; cur le líon na n-eagraíochtaí, le líon na n-institiúidí, le líon na n-institiúidí oideachais agus oiliúna, le líon na ngnóthlachtaí agus le líon na n-imeachtaí a fheidhmíonn trí Ghaeilge; seasamh le forlámhas na Gaeilge mar theanga an phobail sna limistéir Ghaeltachta agus pobail nua Ghaeltachta a bhunú; stocaireacht a dhéanamh ar son na Gaeilge; ionadaíocht a dhéanamh thar ceann lucht labhartha na Gaeilge.

*Lúide táillí próiseála, timpeall 3%, a ghearrann an t-ardán íocaíochta orainne.

Téacs:

Más fearr leat, is féidir tacú le Conradh na Gaeilge trí téacs a sheoladh leis an bhfocal ‘Gaeilge’ chuig 50300. Cosnóidh seo €4 agus gheobhaidh Conradh na Gaeilge ar laghad €3.60. (Seirbhís curtha ar fáil ag Likecharity. Líne Chabhrach 0766805278).

Tuilleadh Eolais:

https://cnag.ie/ga/eolas/carthanas/eolas-faoin-charthanas.html