Gann ar fhoireann de dheasca tinnis, moill bheag le horduithe. [[Seachadtaí go Stáit Aontaithe Mheiriceá ar ceal.]] / Short on staff due to illness, slight delay to orders being shipped as a result. [[Shipments to USA suspended.]] Folaigh
Sa leabhar Tadhall, a céad cnuasach filíochta, tugann Pauline Nic Chonaonaigh suntas do na míorúiltí beaga sa domhan mórthimpeall uirthi: fáinleoga ar a dturas, solas na gealaí i gcomhrac leis na néalta; nó an chodarsnacht sin idir duairceas an dorchadais agus ardú meanman in éadroime an tsolais idir ollchiúnas an dúlra agus réabadh fíochmhar na stoirme.