Taiscéal (Idirbhliain)
- 0.5 KG:
- CJ Fallon
- Emma Ní Nualláin, Oisín Mac Cinnéide
- 9780714426914
Praghas
€16.95
Leabhar saothair don Ghaeilge san Idirbhliain is ea Taiscéal, ina bhfuil:
- Seacht n-aonad bunaithe ar théamaí atá suimiúil do dhaltaí na hIdirbhliana (mar shampla: CV, laethanta saoire, taithí oibre agus imeachtaí scoile).
- Béim ar an bhfoghlaim idirghníomhach chun meas agus grá don teanga a chothú sa rang, le meascán de chluichí, dúshláin, obair ghrúpa agus ceachtanna spraíúla i ngach aonad.
- Deiseanna chun an teanga a labhairt go rialta chun muinín na ndaltaí a fhorbairt don scrúdú béil. Tá réamhrá do na sraitheanna pictiúr sa leabhar chomh maith.
- Réimse filíochta agus amhrán le ceisteanna oiriúnacha agus deiseanna taighde.
- Ceachtanna chun cur leis an stór focal agus siúl siar a dhéanamh ar an ngramadach.
- Deiseanna le taighde idirlín a dhéanamh i ngach aonad agus úsáid a bhaint as acmhainní teicneolaíochta chun díriú ar an nGaeilge ar líne.
- Ábhar oiriúnach do dhaltaí Ardleibhéil agus Gnáthleibhéil agus a oibreoidh i ranganna a bhfuil caighdeán measctha ann.
- Spás scríbhneoireachta le gach ceacht. Feidhmeoidh Taiscéal mar phunann oibre ag deireadh na bliana.
- Go leor ceachtanna traschuraclaim a bhfuil nasc acu le hábhair scoile eile.
- Dúshlán ‘Comórtas na Gaeilge’ a spreagfaidh na daltaí chun an Ghaeilge a úsáid agus a chur chun cinn taobh amuigh den seomra ranga i rith na bliana.